This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
I mbliana sheol Gaelphobal Ard Mhacha Theas an “Scéim Forbartha agus Tacaíochta Ealaíontóirí Gaeilge Áitiúla”.
An sprioc a bhí againn don scéim seo na healaíontóirí Gaeilge a thacú leis na dúshláin forbartha agus airgeadas tríd cuidiú airgeadas, meantóireacht agus treoir proifisiúnta a thabhairt dóibh. An toradh an bheith ann den tionscadal seo na; méadú i líon obair na healaíontóirí áitiúla os comhair an phobail agus méadú i líon na hacmhainní Gaeilge ar fáil i scoileanna, clubanna, cumann srl áitiúla. Chomh maith leis
sin, beidh ealaíontóirí ábalta leas a bhaint saineolas agus meantóireacht ó fhilí, scríbhneoirí agus cumadóirí clúiteacha mar is gá. Cinnteoidh an tacaíocht airgeadais agus meantóireacht go mbeidh an obair uilig d’ard caighdeán agus mar sin de beidh na hacmhainní mar an-bhuntáiste don pobail Gaeilge áitiúil.

I ndiaidh próiseas iarratas cuimsitheach, roghnaigh muid ceathrar thogra dheireanach. Dírigh an ceathrar ealaíontóir ar réimse difriúil trí Ghaeilge. Bhí oíche seoladh againn agus thug na healaíontóirí cur i láthair ar thogra s’acu agus an dóigh ar chuidiú an maoiniú leo.
- Nina McQuillan – Is múinteoir Gaelscoile í Nina ach ina am breise riarann sí a gnó féin a tháirgíonn acmhainní digiteach agus fisiceach do mhúinteoirí agus daoine le Gaeilge. Ina measc cártaí, póstaeir, dialann agus níos mó. Tá seo uilig ar fáil ar instagram agus suíomh s’aici.
- Piaras Ó Lorcáin – Ag 19 bliana d’aois, tá Piaras ina amhránaí sean nós aitheanta ar fud na tíre, ag canadh as Gaeilge agus Béarla. Faoi láthair tá sé ag obair ar a chéad EP ina bhfuil 3 amhrán a dtagann ón traidisiún áitiúil Oirialla agus tá sé ag súil go mbeidh sé réidh i ndiaidh an Nollaig.
- Padraig Ó Tiarnaigh – Is scríbhneoir agus taighdeoir áitiúil é Padraig le PHD dírithe ar bhailitheoirí béaloideas. Faoi láthair tá sé obair ar leabhair faoi bhailitheoir ó Thír Chonaill Sean Ó hEochaidh. Beidh an leabhar foilsithe ag Éabhlóid agus “Seán Ó hEochaidh: Bailitheoir Béaloidis” an teideal a bheidh ar.
- Ian McMillan – I rith na paindéime rinne Ian sraith de cheachtanna Gaeilge ar youtube darbh ainm ‘Speaking Irish‘. Bhí sé dírithe ar an chanúint Ultach agus ar an teanga a úsáid go réadúil agus go laethúil. Tá na físeanna ar fáil ar youtube agus tá sé ag obair ar an chéad sraith eile.