This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
Glac grúpa ceoil an Mhullaigh Bháin an bua ag an Scór Sinsir i gCaisleán an Bharraigh ag an deireadh seachtain.
Tagann an grúpa ón Mullach Bán agus is ball iad uilig den Traditional Arts Partnership. Sheinn Éamonn Ó Súilleabháin (20) ar an bhainseó/fidil, Breandán Ó Súilleabháin (17) ar an fheadóg mhór, Fionn Mac Giolla Domhnaigh (20) ar na píoba, Shay Ó Floinn (20) ar an ghiotár agus Mark Mac Dómhnaill (18) ar an bhainseó sa ghrúpa. Ba é seo an chéad uair a bhuaigh an Mullach Bán ó 2008.
Taistil thart ar 50 duine síos go Maigh Eo chun tacaíocht a thabhairt dóibh ar an oíche mhór agus bhí slua tacaíochta níos mó ann ag an teacht abhaile mór Dé Dhomhnaigh. Tá an grúpa seo ag seinm le chéile ó bhí siad óg agus is léir sin nuair a chluineann tú iad. Ní amháin go bhfuil bua an ceol acu ach is Gaeilgeoirí bródúil iad chomh maith; tá triúr acu ina n-iardhaltaí de Ghaelscoil Phádraig Naofa.
Rinne Bláithín Mhic Cana agallamh leo ina gclub áitiúil i rith an cheiliúrtha, is féidir amharc ar instagram, facebook nó twitter.