This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
An-rath do Ghaelphobal Ard Mhacha Theas agus Deisceart Ard Mhacha ag Oireachtas na Samhna
Bhí sár- ionadaíocht agus rath ag Gaelphobal Ard Mhacha Theas, an grúpa phobail Gaeilge, ag Oireachtas na Samhna ag an deireadh seachtain i gCill Airne. Ag coinneal traidisiún amhránaíocht Oirialla láidir na triúir amhránaí ó dheisceart Ard Mhacha; ghlac Bláithín Mhic Cana an bonn tríú háit i mórchomórtas Sean nós na mBan, chan Piaras Ó Lorcáin i gcomórtas amhránaíocht shean nós fir faoi 35 agus ghlac Síomha Ní Ghribín tríú háit sa chomórtas amhránaíocht shean nós faoi 12.
Don chéad uair riamh bhí iontráil ag Ard Mhacha Theas sa chomórtas Lúibíní le hAisling Uí Gribín agus Barra Ó Muirí ó Ghaelphobal Ard Mhacha Theas. Glac an beirt múinteoir ó Gaelscoil Phádraig Naofa an duais speisialta abhaile. Sa chomórtas Lúibíní bíonn ar bheirt sraith leathrainn a chum thart ar théama amháin bunaithe ar imeachtaí reatha tráthúil, de ghnáth bíonn sé greannmhar agus fíor chruthaitheach le húsáid a teanga sa chroílár.
Dúirt Bláithín Mhic Cana, amhránaí agus múinteoir Gaelscoile:
“Bhí lúchair an domhain orm athghlaoch a fháil- agus iontas go fóill orm gur bhronnadh an 3ú áit orm! Gan a bheith ag caint ar an onóir pearsanta leis, is ábhar misnigh é go bhfuair múinteoir Oirialla agus Gaelphobal Ard Mhacha Theas aitheantas agus moladh ar ardán an Oireachtais! Bhí atmaisféir dochreidte thíos i gCill Áirne agus ní dhéanfaidh mé dearmad a choíche ar an tacaíocht sa seomra ar oíche an chomórtais; níl aon dabht go raibh na hUltaigh ar an dream is glóraí a bhí i láthair!”
Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Cathaoirleach, Gaelphobal Ard Mhacha Theas:
“Is mian liom ar dtús báire comhghairdeas a dhéanamh le hiomaitheoirí Ghaelphobal Ard Mhacha Theas as ucht na hionadaíochta a rinne siad ar an cheantar ag Oireachtas na Samhna i mbliana. Tá muid ag feiceáil os ár gcomhair pobal teanga agus pobal amhránaíochta faoi bhláth. Ní obair í seo a tháinig chun cinn le bliain nó dhó anuas, ach toradh ar na scórtha bliana de dhua agus de dhúthracht. Níl Gaelphobal Ard Mhacha Theas ar an fhód ach le 7 mbliana, ach tá muid ag dul ó neart go neart, agus oifigeach lánaimseartha Gaeilge ceaptha againn don chéaduair”