This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
TOGRA CEOIL OIRIALLA Is togra athnuachana é Togra Ealaíon Oirialla le beocht agus beatha a spreagadh sa traidisiún áitiúil amhrá naíochta agus ceoil.
D’fhás sé as an leabhar A Hidden Ulster-people songs and traditions of Oriel leis an Dr Pádraigín Ní Uallacháin, nuair a thóg sí an saothar mór sin céim eile chun tosaigh tré shuíomh www.orielarts.com a chur ar líne.
Mar amhránaí, rinne sí nahamhráin a thaifeadadh agus a sheachadadh ar aghaidh chuig amhránaithe eile in Oirialla agus as Gaeltacht Thír Chonaill agus iad a chur ar líne.
Tá breis is 150 leathanach ar an tsuíomh agus focail,ceol, eolas, íomhánna agus liricí air, chomh maith le saibhreas eolais ar an chláirseach agus ar bhailiúcháin áitiúla cheoil agus iliomad físeáin d’amhránaithe agus de sheinteoirí áitiúla as Oirialla.
Is é toradh an tsaothair iontaigh seo go bhfuil casadh na taoide ann maidir le traidisiún an tsean-nóis in Oirialla go háirithe i ndeisceart Ard Mhacha, a bhuí le saothar Phádraigín i gcló, i dtaifid agus ar líne, agus le múinteoirí áítiúla eile mar Bhláithín Mhic Cana atá ag teagasc na n-amhrán go díograsach do pháistí sa Ghaelscoil i gCrois Mhic Lionnáin, agus le Ciara Hall atá ag teagasc ceardlanna i gContae Lú.
Le foghlaim níos mó gabh chuig www.orielarts.com