Ár logainmneacha agus bailte fearainn

">
Explore Gael Phobal Ard Mhacha Theas

Márta 2023

Carraig na nGamhna – Ar leac an dorais agat

">
Explore Gael Phobal Ard Mhacha Theas

Márta 2023

Droim an Tí – Ar leac an dorais agat

Gaeilge in Ard Mhacha Theas 1901-1911

Ciarán Mac Murchaidh

Tá na learscáileanna seo bunaithe ar thras-thagairt agus anailís a rinne mé nuair a rinneadh digitiú ar thuairiscí dhaonáireamh na hÉireann 1901 agus 1911 idir 2009 agus 2011. Rinne an t-Iar-Thaoiseach Garret Fitzgerald agus Adams obair den tseort seo roimhe ach bhí obair na beirte sin bunaithe ar na toghcheantair seachas na bailte fearainn. Mar sin bhí sé mar aidhm agam ar an chéad dul síos láidreacht nó laigeacht na teanga a fhiosrú sna bailte fearainn agus amharc ar an cheangail idir na bailte fearainn éagsúla ó thaobh neart na Gaeilge de ag tús an chéid seo caite. Níos tábhachtaí fós tugann na tuairiscí deis dúinn amharc siar ar stáid na teanga ó aimsir an Ghorta Mhóir agus ar an dóigh ar tháinig meath ar an teanga ó bhaile go baile agus ó aoisghrúpa go haoisghrúpa.

Chun na figiúirí a aimsiú chuaigh mé tríd na tuairiscí uilig agus rinne mé tras-thagairt ar thuairiscí ón dá dhaonáireamh toisc gur mhaigh roinnt mhaith daoine go raibh Gaeilge acu i gceann amháin acu ach ní raibh an teanga luaite leis na daoine céanna sa cheann eile. I gorr-chás tháinig mé ar thuairiscí ó thithe a raibh seandeartháireacha nó seandeirfiúracha ina gcónaí ann inar mhaigh cuid acu go raibh Gaeilge acu agus mhaigh cuid eile nach raibh. Sna cásanna sin ghlac mé leis gur cainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad go léir.

Ar ndóigh ní thugann an daonáireamh eolas dúinn fá leibhéal na teanga a bhí ag an mhuintir seo seachas an corrduine a mhaigh nach raibh Béarla acu. Caithfimid a bheith ag brath ar fhoinsí eolais eile le leibhéal na Gaeilge a thomhas, foinsí comhaimseartha ó dhiográiseoirí agus bailitheoirí teanga don chuid is mó. Ní nach ionadh léiríonn na tuairsicí seo gurbh iad na seandaoine a raibh an líofacht ab’fhearr acu, bhí cuid acu ar bheagán Bhéarla fiú. De réir cosúlachta bhíodh na glúnta b’óige níba chompordaí leis an Bhéarla ach bhíodh ábaltacht sa Ghaeilge acu fosta.

Roinn mé na daoine a mhaigh go raibh Gaeilge acu in aoisghrupaí chun meath na teanga a leanstan ó aimsir an Ghorta Mhóir ar aghaidh:

60 bl. +

40-59 bl.

24-39

Faoi 23 bl.

 

Tá fadhbanna ann leis aois na ndaoine sna tuairiscí. Agus mé ag déanamh comparáide idir tuairiscí 1901 agus 1911 tháinig mé ar chuid mhór cásanna inar mhéadaigh aois na ndaoine níos mó ná deich mbliana d’aois agus i gcás amháin tháinig mé ar dhuine a mhaigh go raibh sí tríocha bliain níos sine sa bhliain 1911 ná mar a bhí sí deich mbliana roimhe! Sna cásanna sin bhí orm glacadh leis an aois a bhí scríofa acu ag an am.

Níl sna figiúirí agus sna learscáileanna ach spléacadh ar mhéid na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar nó na daoine a mhaigh go raibh Gaeilge acu ar dhá oíche sa bhliain 1901 agus 1911. Ní thig linn bheith go hiomlán cinnte cén méid cainteoirí Gaeilge as ceantar Oirghialla a bhí beo ag an am sin. Tig linn bheith cinnte go raibh na céadta nó na mílte fiú ag cur futhu sna bailte móra ar an gaobhair, in áiteanna eile in Éirinn, sa Bhreatain, san Oileán Úr agus in áiteanna nach iad. Ach é sin ráite tugann siad léargas dúinn ar staid na Gaeilge ag an am agus sa dara leath den naoú haois déag nuair a thréig muintir an cheantair an Ghaeilge agus a thiontaigh i dtreo an Bhéarla.