This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
Cuireann muid réimse ranganna ar fáil faoi láthair, ina measc tá rang na bpáistí, GCSE, A-leibhéal, bun rang agus meán rang. Fiosraigh thíos!
Sraith Ranganna Gaeilge an Fómhair
Beidh an chéad sraith eile de ranganna Gaeilge ag tosú Déardaoin 28ú Meán Fómhair i mbunscoil an Mhullach Bháin. Beidh rang na bpáistí, bunrang agus meánrang ar fáil.
Cláraigh – https://forms.gle/RV7ZZNDPLvknd7fSA
Ranganna Samhradh 2022
Bhí ár gcéad sraith de ranganna riamh ag Gaelphobal Ard Mhacha Theas i samhradh 2022 i gcomhar le Traditional Arts Partnership. D’fhreastail níos mó na 30 duine fásta agus páistí a theagasc Ciara McSorely, Niamh Burns agus Bridie Ní Shúilleabháin.
Buíochas le achan duine a raibh ann!
Cúrsaí
Blaschúrsa Gaeilge Márta 2022
I mí an Mhárta bhí ár gcéad bláschúrsa againn i dTí Chulainn, An Mullach Bán. Bhí bunrang, meánrang agus ardrang ar fáil ar an maidin agus thug sé an seans do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus bualadh le daoine eile ag foghlaim an teanga.
Dianchúrsa A-level
I mí Aibreáin bhí dianchúrsa A-leibhéal againn do dhaltaí áitiúla a raibh ag ullmhú do na scrúdaithe A-leibhéal. Chaith na daltaí uair a chloig le 3 múinteoir dhifriúla a dhírigh ar ghné dhifriúil den chúrsa: aistriúchán, teicníc agus cruinneas. Míle buíochas le Múinteoir Katie, Ciara agus Lorcan as a gcuidiú ag ullmhú na daltaí don scrúdú.
























