Imeacht Oíche Shamhna An Chrannóg

Imeacht Oíche Shamhna An Chrannóg

Posted On: 2022-11-02

Ar an 30ú de mhí Deireadh Fómhair, bhí imeacht teaghlaigh ag An Chrannóg dírithe ar chultúr, stair agus teanga Ghaelach agus ar ndóigh Oíche Shamhna. Thosaigh an lá amach le siúlóid treoraithe ó Áth na Marbh go Corliss Fort le hUna Walsh ón Rural Health Partnership, le tae sa Pig Gig i ndiaidh. Ina dhiaidh sin bhí imeacht teaghlaigh le healaíona agus ceardaíocht, pizza, ceol agus damhsa. Ag an deireadh ar fad, bhí an ciorcal amhránaíochta dátheangach, Glórtha gCuilinn, agus seisiún ceoil.

 

Is grúpa An Chrannóg lonnaithe ar an Coilleach Eanach atá dírithe ar imeachtaí teaghlaigh a eagrú trí Gaeilge, do tuilleadh eolais féach ar facebook nó instagram s’acu.