Griantrad
☀️Griantrad☀️
21 Meitheamh | 21 June 2026
Bellurgan Park, Co. Lú
Bígí linn ag Griantrad – féile nua lae ag a ndéanfar ceiliúradh ar ghrianstad an tsamhraidh, ar na healaíona traidisiúnta, agus ar oidhreacht shaibhir Oiriall.
Beidh fáilte roimh an teaghlach ar fad ag Páirc Bhaile na Lorgan, tuaisceart Lú, áit a mbeidh réimse iontach imeachtaí ar siúl:
Ióga spraíúil, ceol draíochtúil na Sióg, seisiúin oscailte cheoil, scéalaíocht, filíocht, Cleamairí Feirste, agus ceolchoirm oíche leis an bhanna den scoth Tempest agus le Fréamhacha as Ard Mhacha Theas.
Bealach foirfe é Griantrad do theaghlaigh, do cheoltóirí, d’ealaíontóirí agus don phobal áitiúil teacht le chéile lenár n-oidhreacht, cruthaitheacht agus muintearas a chomóradh ar an lá is faide den bhliain.
Beidh tae, caife agus pizza ar fáil ar an láthair – ach tógaigí libh bhur ndeochanna féin!
Bígí linn! ☀️