Griantrad – Ceolchoirm
Ceolchoirm na hoíche – Griantrad
Is ceiliúradh ceoil, taibhealaíon agus pobail é Griantrad, féile lae nua a dhéanann ceiliúradh ar Ghrianstad an tSamhraidh, ar an dúchas agus ar an dúlra. Beidh cultúr comhaimseartha na Gaeilge, oidhreacht luachmhar Oiriall agus dúile na beatha i gcroílár na féile a mbeidh imeachtaí ceoil, seanchais, filíochta agus eile mar chuid den chlár.
Beidh an fhéile á reáchtáil ar thalamh stairiúil Theach Bhaile na Lorgan i dtuaisceart Chontae Lú, suíomh oiriúnach ina mbeidh teaghlaigh, ealaíontóirí, ceoltóirí agus daoine eile nach iad in ann cruinniú le chéile chun onóir a thabhairt dár n-oidhreacht, don chruthaitheacht agus don mhuintearas ar an lá is faide sa bhliain.
Ceolchoirm le Tempest
Ceol traidisiúnta den scoth le Bláithín Mhic Cána, Brendan Mulholland, Aaron O’Hagan agus Luke Ward agus an banna ceoil as Ard Mhacha Theas, Fréamhacha ina gcuideachta.
Áit: Teach Bhaile na Lorgan, Baile na Morgan, Dún Dealgan, Co. Lú, A91 FP86
Bígí linn!