Dianchúrsa ar Ghaeilge, Logainmneacha & Stair Ard Mhacha Theas
Dianchúrsa ar Ghaeilge, Logainmneacha & Stair Ard Mhacha Theas
Déanfar iniúchadh ar Ghaeilge, logainmneacha agus stair Ard Mhacha Theas ar an dianchúrsa seo, agus tá sé fóirsteanach do chainteoirí Gaeilge a bhfuil ardleibhéal nó meánleibhéal Gaeilge acu.
Beidh an cúrsa á reáchtáil ag na scoláirí aitheanta Ciarán Dunbar agus Ciarán Mac Murchaidh; tá taighde fairsing déanta ag an bheirt acu ar oidhreacht na teanga agus na logainmneacha sa réigiún.
Ciarán Dunbar: iriseoir, údar & taighdeoir a scríobhann faoi logainmneacha na hÉireann, faoina stair agus faoin Ghaeilge.
Ciarán Mac Murchaidh: acadóir, taighdeoir & údar a bhfuil go leor scríofa aige faoi mhionlogainmneacha an Dúin Theas agus Ard Mhacha Theas.
Cuir d’áit in áirithe inniu – líon teoranta áiteanna ar fáil.
Áit:: Áras an Chairdinéil, Coilleach Eanach
Dáta: Satharn 22 Lúnasa 2026
Am: 10am – 1pm
Leibhéal: Oiriúnach do chainteoirí a bhfuil meán nó ardleibhéal Gaeilge acu
Costas: £10
Sólaistí ar fáil