Rath ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2023

Rath ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2023

Posted On: 2023-08-15

Dea-scéal ag teacht ó Fleadh Cheoil na hÉireann 2023 an tseachtain seo le Gael óg Síomha Ní Gribín a tháinig sa chéad áit sa chomórtas amhránaíocht sean-nós 12-15. Chan sí dhá amhrán ón traidisiúin Oirialla; ‘Cailín as Contae Lú’ agus ‘Art Ó Ceallaigh’. Bhí ionadaíocht láidir ó Ghaeilgeoirí Ard Mhacha Theas arís i mbliana, le cairde de Ghaelphobal Ard Mhacha Theas Piaras Ó Lorcáin a tháinig sa dara háit sa chomórtas amhránaíochta sean-nós Sinsir agus Aodh Mac Murchaidh, Jude Ó Cuaig agus Tomas Ó Ceallaigh a tháinig sa dara háit sa ceol triúir. Comhghairdeas daoibh ar fad!