Sean-nós Ard Mhacha Theas 2023

Sean-nós Ard Mhacha Theas 2023

Posted On: 2023-10-03

An Meán fómhair seo bhí an chéad fhéile Sean-nós Ard Mhacha Theas i dTí Chulainn, An Mullach Bán. Bhí ceardlanna amhránaíochta sean-nós  le hIrial Ó Ceallaigh agus Diane Cannon do pháistí agus daoine óga. Bhí ceardlann lúibíní againn chomh maith don chéad uair roimh le hAodhán Ó Ceallaigh. Chuir muid fáilte roimh chuairteoirí ón Bhreatain Bheag agus na hOileáin Árann, Gwilym Bowen Rhys agus Padriac Jack do Cheolchoirm na Col Ceathracha Ceilteacha.

 

Bhí na comórtais ar shiúil ar an Satharn, seo iad na buaiteoirí

  • Amhránaíocht Sean-nós Faoi 12 – Neasa Ní Gribín
  • Amhránaíocht Sean-nós 12-15 – Lauren Nic Con Midh
  • Amhránaíocht Sean-nós 15-18 – Cara Mac Raois
  • Amhránaíocht Sean-nós Sinsir – Gearóid Ó Deoráin

Mar chríoch leis an deireadh seachtain bhí oíche airnéal lenar haoicheoltóirí agus ceolchoirm againn le Screelin.