This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.

Fógra Poist: Comhordaitheoir Óige Ógras Oirialla
Suíomh: Club Óige Oliver Plunkett, Crois Mhic Lionnáin
Uaireanta: Dé hAoine, 4.30in – 6.30in (i rith an téarma scoile)
Eagraíocht: Ógras Oirialla / Gaelphobal Ard Mhacha Theas
Dáta Tosaithe: Meán Fómhair 2026 (nó de réir comhaontaithe)
Tá Ógras Oirialla / Gaelphobal Ard Mhacha Theas ar lorg Ceannaire / Comhordaitheoir Óige atá díograiseach, iontaofa agus cruthaitheach lenár gclub óige seachtainiúil trí mheán na Gaeilge a reáchtáil do pháistí idir 9 agus 14 bliana d’aois.
Is deis iontach í seo do dhuine a bhfuil paisean aige/aici don obair óige, don Ghaeilge agus do chruthú timpeallachta atá spraíúil, sábháilte agus cuimsitheach do dhaoine óga. Bheadh an ról oiriúnach do mhúinteoirí cáilithe nó do mhúinteoirí faoi oiliúint nó oibrithe óige.
Maidir leis an Ról
Beidh an Ceannaire / Comhordaitheoir Óige freagrach as:
– Gníomhaíochtaí agus imeachtaí seachtainiúla a phleanáil, a eagrú agus a chur i gcrích
– Timpeallacht fháilteach, thacúil agus Ghaelach a chruthú
– Ceannaireacht a dhéanamh ar chluichí, ar cheardlanna, ar ghníomhaíochtaí ealaíne, ar spórt, ar sheisiúin chultúrtha agus ar oícheanta téama
– Sábháilteacht agus folláine na rannpháirtithe go léir a chinntiú
– Tacú le daoine óga an Ghaeilge a úsáid agus a fhorbairt taobh amuigh den tseomra ranga
– Freastal, iompar agus nósanna imeachta cosanta a bhainistiú
– Obair le Gaelphobal Ard Mhacha Theas leis an chlár a fhorbairt
Cé atá á Lorg Againn
Tá an ról seo oiriúnach go háirithe do:
– Múinteoirí nó múinteoirí faoi oiliúint
– Oibrithe óige nó daoine atá ag déanamh staidéir ar obair óige/phobail
– Cainteoirí Gaeilge a bhfuil paisean acu do rannpháirtíocht na n-óg
– Daoine cruthaitheacha eagraithe a bhaineann taitneamh as oibriú le daoine óga
Caithfidh Gaeilge mhaith, scileanna láidre cumarsáide agus an cumas chun grúpaí a threorú go muiníneach a bheith agat. Tá taithí ar oibriú le páistí nó le daoine óga riachtanach.
Maidir le hÓgras Oirialla
Cuireann Ógras Oirialla an Ghaeilge chun cinn trí spraoi, cairdeas agus cruthaitheacht. Cuireann ár gclub óige deis ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha, lasmuigh den seomra ranga, agus iad ag cothú muiníne agus ag tógáil pobail ag an am céanna.
Spriocdháta agus Sonraí Iarratais:
Le hiarratas a dhéanamh, seol CV agus litir chumhdaigh roimh
Dé hAoine, an 15 Lúnasa @ 5in
gaeilge.ardmhachatheas@gmail.com