Dianchúrsa GCSE
Tá áthas ar Gaelphobal Ard Mhacha Theas, le tacaíocht ó Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, dianchúrsa Gaeilge a fhógairt atá deartha le tacaíocht a thabhairt do dhaltaí GCSE, AS agus Ardleibhéil agus iad ag ullmhú dá scrúduithe atá ag teacht aníos.
📅 Dáta: Satharn 16 Bealtaine 2026
⏰ Am: 10am – 1pm
📍 Áit: St Joseph’s High School, 77 Dundalk Road, Crossmaglen, BT35 9HP
Cuirfidh múinteoirí ardcháilithe, a bhfuil taithí mhór acu ag teagasc na gcúrsaí seo faoi láthair agus a thuigeann go díreach cad atá de dhíth ar dhaltaí le go n-éireoidh leo an dianchúrsa dírithe seo ar fáil.
💷 Costas: £10 an duine
🖊 Cad atá le tabhairt leat: pinn, páipéar, leabhair agus aon nótaí staidéir
🎓 Cé dó: daltaí GCSE
⚠️ Tá spásanna teoranta — tá áirithint luath riachtanach
Is deis iontach seo do dhaltaí muinín a threisiú, scileanna scrúdaithe a neartú agus treoir shaineolach a fháil i dtimpeallacht foghlama tacúil.