Seoladh EP Piaras Ó Lorcáin

Seoladh EP Piaras Ó Lorcáin

Posted On: 2023-03-22

Mar thús ceart de Sheachtain na Gaeilge sheol Piaras Ó Lorcáin a chéad EP féin-teidealta le léiriú beo i Raidió Fáilte. Bhí sárbhliain ag Piaras i ndiaidh bua s’aige ag Fleadh Ceoil na hÉireann sa chomórtas amhránaíochta. Tá 5 traic Gaeilge ar an EP, an mór chuid ón traidisiún Oirialla; Gráinne, Séamus Mac Murfaidh, Tá ‘na Lá, Bruach Dhún Réímhe agus Amhrán Pheadar Breathnach.

Ar an EP tá  Piaras Ó Lorcáin ag canadh, chomh maith le Bláithín Mhic Cana ag canadh, Jack Warnock ar giotár/mandolin, Cathal Ó Curráin ar bouzouki/fidil agus Moya Sweeney ar an bodhrán.

Bhí an tionscadal seo páirtmaoinithe ag Gaelphobal Ard Mhacha Theas tríd an Scéim Tacaíochta Ealaíontóirí Áitiúla.