This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
Ar an Chéadaoin 18ú Deireadh Fómhair, d’eagraigh Fóram an Dúin & Oirialla, in éineacht le Gaelphobal Ard Mhacha Theas agus Aonad na Gaeilge na Comhairle imeacht iontach dar teideal ‘Deis sa Bhreis’ in Ionad Fóillíochta an Iúir.
Tugadh cuireadh do dhaltaí ó Bhliain 10 sna scoileanna áitiúla 2ú leibhéal chun blaiseadh a fháil de na deiseanna gairme atá ar fáil trí mheán na Gaeilge. Bhí cuid mhaith eagraíochtaí ó earnáil na Gaeilge i láthair ag freastal ar sheastáin eolais, cluichí agus ceardlanna, chomh maith le cainteanna ó dhaoine a oibríonn san earnáil.
Buíochas mór leis na scoileanna agus eagraíochtaí ar fad a bhí linn ar an lá. Tá sé de rún againn cúpla imeacht mar seo a dhéanamh go bliantúil agus, mar sin, tá muid ag súil leis go mbeidh sibh linn arís amach anseo! 
